• Draft
  • Published
  • Archived

Your posting is archived, and is not visible to visitors

Jobs are automatically archived on the closing date and you cannot move it back to published again.

Job | Flexible

Éascaitheoirí Imeachtaí

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

£9.00 / uair
Tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich sa tóir ar éascaitheoirí imeachtaí le bheith ag obair linn ar bhonn ócáideacha le linn na bliana.

Cuspóir an Phoist: 

Cuidiú a thabhairt ag imeachtaí poiblí agus corparáideacha

 

Príomhfhreagrachtaí

Bainistiú Imeachtaí/ Lóistíocht

Faoi mhaoirseacht an bhall foirne chuí:

  • A bheith mar ionadaí ar an Chultúrlann ag ár gcuid ócáidí poiblí agus corparáideacha.
  • An spás a shocrú faoi choinne imeachtaí, agus a chinntiú go bhfuil cuma shlachtmhar ar na háiteanna ina bhfuil na himeachtaí ar siúl.
  • Fáilte a chur roimh chuairteoirí agus a gceisteanna a fhreagairt ar dhóigh mhúinte, chairdiúil.
  • Ticéid a bhailiú.
  • Cuairteoirí a threorú chuig a suíocháin.
  • A bheith ag obair sa bheár nó ag tábla na soláistí.
  • Glantachán a dhéanamh i ndiaidh imeachtaí.
  • Obair i gcomhar le baill foirne na Cultúrlainne.

Margaíocht

  • An Chultúrlann agus na himeachtaí gaolmhara a chur chun cinn nuair a bhíonn deis ann chuige.

Airgeadas

  • B’fhéidir go mbeadh ort airgead tirim a láimhseáil ag imeachtaí.

Tuairisciú agus Coinneáil Taifead

  • An ball foirne cuí a chur ar an eolas faoi aon cheist imní a thiocfadh chun cinn.

Sláinte agus Sábháilteacht

  • Déanamh de réir gnáthaimh sláinte agus sábháilteachta an eagrais agus na riachtanas reachtúil, agus cuidiú le daoine eile déanamh amhlaidh.

Cáilíocht agus Caighdeáin

  • A chinntiú go ndéantar obair ar ardcháilíocht agus go mbíonn caighdeáin eile ghairmiúlachta á gcomhlíonadh i gcónaí de réir reachtaíochta agus dhea-chlú an eagrais.
  • Obair a chur i gcrích go hionraic agus de réir eitice an eagrais i gcónaí.
  • A chinntiú go mbaineann tú féin úsáid as acmhainní an eagrais ar dhóigh éifeachtach, éifeachtúil i gcónaí.

Forbairt Ghairmiúil

  • A chinntiú go gcothaíonn tú d’fhorbairt phearsanta féin, go bhfuil tú ag obair de réir na bhforbairtí is deireanaí agus go gcuidíonn tú le baill eile foirne a gcuid scileanna siúd a fhorbairt.

Eile

  • Dualgais réasúnta ar bith eile a bheadh ag teacht leis na héilimh a bhaineann leis an phost seo.

D’fhéadfadh sé go dtiocfadh athrú aon am ar an chur síos seo ar an phost de réir riachtanas gnó athraitheach.

 

 

Critéir riachtanacha

  • Tiomantas don Ghaeilge agus do luachanna agus do mhisean na Cultúrlainne
  • Eolas ar an Ghaeilge, ar an chultúr Ghaelach agus ar na healaíona Gaelacha, agus suim mhór a bheith agat iontu
  • An cumas a bheith ag obair go neamhspleách agus mar bhall d’fhoireann
  • Gaeilge líofa (labhartha agus scríofa)
  • Scileanna cumarsáide éifeachtaí (labhartha agus scríofa)
  • Meon dearfach, a bheith socair agus tú faoi bhrú agus glacadh le critic ar dhóigh aibí
  • Féith na taidhleoireachta agus scileanna réiteach fadhbanna a bheith agat

 

Critéir inmhianaithe

  • Ceadúnas tiomána and rochtain ar charr

 

 

Closing Date

Monday / 01 July 2019
1:00pm

Contact Details

Sonraí Teagmhála 

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
216 Bóthar na bhFál
Béal Feirste
BT12 6AH
United Kingdom

Maoinitheoirí

Arts Council
Foras na Gaeilge